Cuardaigh focal sa bhlag seo/Search this blog

Mo chlár is déanaí/My latest radio show

12 April 2015

I ndeireadh na dála, tá cuidiú againn leis an TUISEAL GINIDEACH

++ Tháinig an rógaire sin ón chlár raidió sin "Rogha Bhríde" isteach de rith ar maidin agus scread sí, "TABHAIR DOM DO BHLAG". Thug mé di mo bhlag. ("lámh" an focal ceart. Stupo!) Aisling Ní Acamé ++

-- Scríobh mé an píosa seo ar an 5 Márta 2015 ach níor fhoilsigh mé é ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bhál, bhí fadhb theicniúil agam ag an am, ach tcím anois go raibh cúis eile leis fósta. Stupo. --



Fuair mé ceacht iontach ar an 17 Feabhra nuair a chonaic mé postáil ó Mháire Burns sa ghrúpa "Gaeilge Amháin" ar spacebook (mar a chuala mé ag RónanBeo :-)). Níl rud níos fearr ná amhrán somheabhraithe le cuidiú leat rud a fhoghlaim.

Sa deireadh rud éigin le cuidiú linn uilig, foghlaimeoirí agus cainteoirí duchasacha araon, cuimhniú ar rialacha an tuiseal ginideach GHINIDIGH. (Súil agam go bfhuil sin ceart. :-))

I dtaca le Colm Duffin ina thráchtas B.A.,

...tugann Maolmhaodhóg Ó Ruairc le fios go bhfuil an ginideach ar na trí ghné is mó neamhréir agus meadhrán sa Ghaeilge (Ó Ruairc 1999:162 agus 2006: 20).
Ach ní shílim go bhfuil gá le Duffin, ná leis an Ruairceach, ná liom féin le sin a insint daoibh.

Tá an t-amhrán seo "An Tuiseal Ginideach" le T-Rex agus na Rexxies iontach i mo bharúil féin, agus seans go gcuideoidh sé linn a bheith níos cruinne amach anseo.

Tá cúpla rud le rá agam faoin fhoghraíocht mar sin féin, ach mar a deireann Aisling Ní Acamé go minic, beidh insint ar sin lá eile. Arú níl sé comh cásta sin. Tá cainteoirí Béarla sa tír seo a fhuaimníonn an focal "three" ar an dóigh chéanna a bhfuaimníonn siad an focal "tree". Ar an dóigh céanna tá cainteoirí Gaeilge ann a fhuaimníonn na focail 'cách' agus 'cac' ar an dóigh chéanna, à la "Fáilte roimh...". Ná h-abair a gháth!

Ar aon nós, tá an t-amhrán agus liricí an amhráin "AN TUISEAL GINIDEACH" anseo thíos:

Dhá Ainmfhocal le chéile
Bíonn an dara ceann
sa
Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach
Bean an tí
Fear an phoist
Hata an fhir
An Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach

Ag bun na sráide
Ar chúl an tí
Ar chúl an tséipéil
I lár na Páirce

Ainmfhocal díreach
i ndiaidh an ainmbhriathra
An Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach
Ag insint na fírinne
Ag tógáil tí
An Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach

Ar feadh na hoíche
Ar thaobh an bhóthair
Trasna na farraige
Ar thaobh na leapa
An Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach
An Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach

srl

Ainmfhocal i ndiaidh
Réamhfhocail Chomhshuite
An Tuiseal Ginideach An Tuiseal Ginideach
Ar feadh na hoíche
Ar fud na háite
Dála an scéil
An Tuiseal Ginideach, An Tuiseal Ginideach

Ar feadh coicíse
In aice na tine
In aghaidh an dorais
Ar son na hÉireann [:-)]
An Tuiseal Ginideach
An Tuiseal Ginideach
An Tuiseal Ginideach
An Tuiseal Ginideach...

Haigh T-Rex agus a Rexxies, an dtiocfadh libh amhrán úr a chumadh le bhur dtoill?

Anois, mar a deirfeadh Fr. Dougal
"here's an idea right off the top of me head. I haven't thought it through so it's probably not brilliant, but what the hell, I'll just talk and see what comes out."
Ba mhaith liom go mbeadh na frásaí seo a leanas ins an amhrán úr:

Ar mhaith? Ba mhaith/Níor mhaith, An ea? Ní hea
An bhfuil? Tá/Níl, An ea? Oh sea!
Ar mhaith? Sea - NÍ HEA!!!, Ar mhaith? BA MHAITH!
Ar mhaith? Sea - NÍ HEA!, Ar mhaith? BA MHAITH!

Bhí mé ag smaoineamh ar an tiúin seo:




Ach mar a dúirt mé, níor smaoinigh mé go mion air.

Tá fhios agam anois cén fáth nár fhoilsigh mé an píosa seo ar an 5 Márta 2015 - ní raibh an t-amhrán úr seo le T-Rex agus na Rexxies foilsithe acu go fóill.

Filíocht amach 's amach!

Seo chugaibh anois é:



Maith sibh T-Rex agus a Rexxies! Mo ghrása sibhse!

Hup a dúirt sí!

_________________________

Leabharliosta (nar léigh mé ach a léigh Colm ar mo shon. GRMA a Choilm!):

Duffin, Colm. Gnéithe de Chóras Gramadaí Ghaeilge Thír Chonaill:
Anailís ar an Tuiseal Ginideach agus ar an Chlásal Choibhneasta. Tráchtas B.A.
Ó Ruairc, Maolmhaodhóg. 1999. I dTreo Teanga Nua. (Cois Life)
Ó Ruairc, Maolmhaodhóg. 2006. Ar Thóir Gramadach Nua. (Cois Life)
_________________________
+++Mar is gnáth, fáiltíonn Aisling Ní Acamé roimh cheartúcháin/mholtaí. Fiú amháin más rógairí a dhéanann na botúin. Aisling Ní Acamé+++